An Coimisiún Eorpach
Aankondiging van een opdracht

Cúnamh teicniúil le tionscadail foirgníochta a dhéanamh i réimsí na hinnealtóireachta, na hailtireachta agus na suirbhéireachta cainníochta.

Alt I: Údarás conarthachta

I.1) Ainm agus seoltaí

Ainm oifigiúil
An Coimisiún Eorpach
Uimhir chláraithe náisiúnta
-
Seoladh poist
CSM 1 05/P001
Baile
Bruxelles
Cód poist
1049
Cód NUTS
BE - BELGIQUE-BELGIË
Tír
BELGIQUE-BELGIË
Teagmhálaí
Office pour les infrastructures et la logistique — Bruxelles
Guthán
+32 22986989
Ríomhphost
[email protected]
Facs
+32 22960570

Seoladh/seoltaí idirlín

Príomhsheoladh:   http://ec.europa.eu

Seoladh phróifíl an cheannaitheora:   http://ec.europa.eu/oib/procurement_fr.htm

I.2) Comhsholáthar

Baineann an conradh le comhsholáthar:   níl

I gcás comhsholáthair lena mbaineann tíortha éagsúla – dlí soláthair náisiúnta is infheidhme:   -

Tá an conradh á dhámhachtain ag comhlacht lárnach ceannaigh:   níl

I.3) Cumarsáid

Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ó

an seoladh thuasluaite

Tá na doiciméid soláthair ar fáil ionas gur féidir rochtain dhíreach lán gan srianadh, saor in aisce a fháil orthu ag:   https://etendering.ted.europa.eu/cft/cft-display.html?cftId=2829

Ní mór tairiscintí nó iarratais ar rannpháirtíocht a sheoladh

an seoladh thuasluaite

go leictreonach trí:   -

Is gá uirlisí agus gléasanna nach bhfuil fáil orthu i gcoitinne a úsáid mar gheall ar chumarsáid leictreonach. Tá rochtain lán dhíreach neamhshrianta ar na huirlisí agus ar na gléasanna sin indéanta, saor in aisce, ag: -

I.4) An cineál údaráis chonarthachta

Institiúid/gníomhaireacht Eorpach nó eagraíocht idirnáisiúnta

I.5) Príomhghníomhaíocht

Seirbhísí poiblí ginearálta

Alt II: Cuspóir

II.1) Raon feidhme an tsoláthair

II.1.1) Teideal

Cúnamh teicniúil le tionscadail foirgníochta a dhéanamh i réimsí na hinnealtóireachta, na hailtireachta agus na suirbhéireachta cainníochta.

Uimhir thagartha:   OIB.02/PO/2017/042/773.

II.1.2) Príomhchód CPV

Príomhchód CPV:   71000000 - Architectural, construction, engineering and inspection services

Cód CPV forlíontach:   -

II.1.3) An cineál conartha

Seirbhísí

II.1.4) Cur síos achomair

Is é aidhm an chonartha seo cúnamh teicniúil a sholáthar le tionscadail foirgníochta a dhéanamh (athchóiriú, athfhorbairt nó (a)tógáil) i réimsí na hinnealtóireachta, na hailtireachta agus na suirbhéireachta cainníochta.

II.1.5) Luach iomlán measta

Luach gan CBL san áireamh:   8.810.000,00

Airgeadra:   EUR

II.1.6) Faisnéis faoi bhearta

Tá an conradh seo roinnte ina bhearta:  

Féadfar tairiscintí a chur isteach le haghaidh na nithe a leanas:   na bearta uile

Uaslíon na mbeart ar féidir iad a dhámhachtain do thairgeoir amháin:   -

Coimeádann an t-údarás conarthachta an ceart conarthaí a dhámhachtain ina gcomhcheanglaítear na bearta nó grúpaí de bhearta a leanas:   -


II.2) Cur síos Uimhir an bhirt: 1

II.2.1) Teideal

Cúnamh teicniúil le tionscadail foirgníochta a dhéanamh i réimsí na hinnealtóireachta, na hailtireachta agus na suirbhéireachta cainníochta sa Bhruiséil

Uimhir an bhirt:   1

II.2.2) Cód(Cóid) CPV breise

Príomhchód CPV:   71200000 - Architectural and related services

Cód CPV forlíontach:   -

II.2.3) Láthair feidhmíochta

Cód NUTS:   BE - BELGIQUE-BELGIË

Príomhshuíomh nó príomhláthair na feidhmíochta:   An Bhruiséil agus an ceantar mórthimpeall.

II.2.4) Cur síos ar an soláthar

Cúnamh teicniúil a sholáthar maidir le tionscadail foirgníochta a dhéanamh (athchóiriú, athfhorbairt nó (a)tógáil) i réimsí na hinnealtóireachta, na hailtireachta agus na suirbhéireachta cainníochta, a bhaineann go príomha leis na foirgnimh atá áitithe ag an gCoimisiún Eorpach sa Bhruiséil nó atá faoina bhainistíocht, ach a bhaineann freisin le foirgnimh institiúidí nó chomhlachtaí eile an AE a bhfuil comhaontú seirbhíse ag an gCoimisiún leo; d'fhéadfadh na cinn sin a bheith in áiteanna eile ar de chríoch an AE.

II.2.5) Critéir dámhachtana

Na critéir thíos

II.2.6) Luach measta

Luach gan CBL san áireamh:   6.410.000,00

Airgeadra:   EUR

II.2.7) Tréimhse an chonartha, comhaontú creatlaí nó córas dinimiciúil ceannaigh

Fad ina mhíonna:   48

Tá an conradh seo faoi réir ag athnuachan:   níl

Cur síos ar athnuachaintí:   -

II.2.9) Faisnéis faoi na teorainneacha ar líon na n-oibreoirí a dtabharfar cuireadh dóibh

Critéir oibiachtúla chun an líon teoranta iarrthóirí a roghnú:   -

II.2.10) Faisnéis faoi mhalairtí

Glacfar le malairtí:   níl

II.2.11) Faisnéis faoi roghanna

Roghanna:   níl

Cur síos ar na roghanna:   -

II.2.12) Faisnéis maidir le catalóga leictreonacha

Ní mór tairiscintí a chur i láthair i bhfoirm catalóga leictreonacha nó iad a chur san áireamh i gcatalóg leictreonach:   níl

II.2.13) Faisnéis faoi Chistí an Aontais Eorpaigh

Baineann an soláthar le tionscadal agus/nó clár arna mhaoiniú ag cistí an Aontais Eorpaigh:  

II.2.14) Faisnéis bhreise

-


II.2) Cur síos Uimhir an bhirt: 2

II.2.1) Teideal

Cúnamh teicniúil le tionscadail foirgníochta a dhéanamh i réimsí na hinnealtóireachta, na hailtireachta agus na suirbhéireachta cainníochta in Karlsruhe

Uimhir an bhirt:   2

II.2.2) Cód(Cóid) CPV breise

Príomhchód CPV:   71200000 - Architectural and related services

Cód CPV forlíontach:   -

II.2.3) Láthair feidhmíochta

Cód NUTS:   DE - DEUTSCHLAND

Príomhshuíomh nó príomhláthair na feidhmíochta:   Karlsruhe.

II.2.4) Cur síos ar an soláthar

Cúnamh teicniúil a sholáthar maidir le tionscadail foirgníochta a dhéanamh (athchóiriú, athfhorbairt nó (a)tógáil) i réimsí na hinnealtóireachta, na hailtireachta agus na suirbhéireachta cainníochta, a bhaineann go príomha le foirgnimh an Choimisiúin Eorpaigh in Karlsruhe (an Ghearmáin) atá áitithe ag an Airmheán Comhpháirteach Taighde (JRC) agus atá faoi réir an chreata um rialáil núicléach.

II.2.5) Critéir dámhachtana

Na critéir thíos

II.2.6) Luach measta

Luach gan CBL san áireamh:   2.400.000,00

Airgeadra:   EUR

II.2.7) Tréimhse an chonartha, comhaontú creatlaí nó córas dinimiciúil ceannaigh

Fad ina mhíonna:   48

Tá an conradh seo faoi réir ag athnuachan:   níl

Cur síos ar athnuachaintí:   -

II.2.9) Faisnéis faoi na teorainneacha ar líon na n-oibreoirí a dtabharfar cuireadh dóibh

Critéir oibiachtúla chun an líon teoranta iarrthóirí a roghnú:   -

II.2.10) Faisnéis faoi mhalairtí

Glacfar le malairtí:   níl

II.2.11) Faisnéis faoi roghanna

Roghanna:   níl

Cur síos ar na roghanna:   -

II.2.12) Faisnéis maidir le catalóga leictreonacha

Ní mór tairiscintí a chur i láthair i bhfoirm catalóga leictreonacha nó iad a chur san áireamh i gcatalóg leictreonach:   níl

II.2.13) Faisnéis faoi Chistí an Aontais Eorpaigh

Baineann an soláthar le tionscadal agus/nó clár arna mhaoiniú ag cistí an Aontais Eorpaigh:  

II.2.14) Faisnéis bhreise

-


Alt III: Faisnéis dhlíthiúil, eacnamaíoch, airgeadais agus theicniúil

III.1) Coinníollacha rannpháirtíochta

III.1.1) Oiriúnacht le bheith páirteach sa ghníomhaíocht ghairmiúil, lena n-áirítear riachtanais a bhaineann le rollú ar chláir ghairmiúla nó cheirde

Liosta agus cur síos achomair ar na critéir roghnúcháin:

déanfaidh an tairgeoir na doiciméid agus an fhaisnéis go léir atá riachtanach i bpointe III.1 'Coinníollacha rannpháirtíochta' den fhógra seo agus atá liostaithe in Iarscríbhinn I 'Seicliosta doiciméad atá le cur i gcrích agus le cur ar fáil' leis na sonraíochtaí a iniamh lena thairiscint.

Ní mór don tairgeoir dearbhú sollúnta a chur isteach a bheidh sínithe agus dátaithe go cuí ina bhfuil sé sonraithe nach bhfuil sé i gcás ar bith a dhéanfadh é a eisiamh ó pháirt a ghlacadh i gconradh arna dhámhachtain ag an Aontas Eorpach. Ní foláir nó go mbeidh an dearbhú sollúnta i bhfoirm an teimpléid atá foilsithe ar an leathanach a leanas, ina iomláine: http://ec.europa.eu/oib/procurement_fr.cfm

NB: ní mór don tairgeoir rathúil, ar phionós eisiaimh, an fhianaise dhoiciméadach a leanas a sholáthar mar thaca leis an dearbhú sollúnta roimh shíniú an chonartha.

NB: má dhámhtar an conradh do ghrúpálacha, ní mór dóibh an dearbhú sollúnta a sholáthar mar aon le doiciméid thacúla agus faisnéis thacúil maidir le gach ball aonair.

III.1.2) Stádas eacnamaíoch agus airgeadais

Critéir dámhachtana mar atá léirithe sna doiciméid soláthair:   níl

Liosta agus cur síos achomair ar na critéir roghnúcháin:

ní mór don tairgeoir na nithe seo a leanas a sholáthar:

— cóip de na ráitis airgeadais (cláir chomhardaithe agus cuntais brabúis agus caillteanais) le haghaidh na 3 bliana airgeadais seo a chuaigh thart, ina dtaispeántar an brabús bliantúil roimh cháin. Mura bhfuil an tairgeoir, ar fháth bailí éigin, in ann iad a sholáthar, ní mór dó ráiteas a iniamh i leith brabús bliantúil roimh cháin le haghaidh an 3 bhliain roimhe sin. Má thaispeántar meánchaillteanas sna ráitis airgeadais nó sa dearbhú thar thréimhse na 3 bliana seo a chuaigh thart, beidh ar an tairgeoir tuilleadh doiciméadúcháin a sholáthar mar chruthúnas ar a chumas airgeadais agus eacnamaíoch, amhail ráthaíocht chuí ó thríú páirtí (m.sh. an mháthairchuideachta), nó ráitis ó iniúchóirí, cuntasóirí cairte nó a gcoibhéis,

— ráiteas faoin láimhdeachas bliantúil foriomlán a réadaíodh i rith na 3 bliana airgeadais seo a chuaigh thart.

Íosleibhéal caighdeán (íosleibhéil chaighdeán) a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil:

le bheith roghnaithe, ní mór do thairgeoirí cruthúnas a sholáthar ar mheánláimhdeachas bliantúil iomlán dar luach 3 200 000 EUR le haghaidh bheart 1 agus dar luach 1 200 000 EUR le haghaidh bheart 2. Má chuireann tairgeoir tairiscintí isteach ar an 2 bheart, is ionann an meánláimhdeachas bliantúil iomlán a chuirfear san áireamh agus 4 000 000 EUR ar a laghad.

III.1.3) Cumas teicniúil agus gairmiúil

Critéir dámhachtana mar atá léirithe sna doiciméid soláthair:   níl

Liosta agus cur síos achomair ar na critéir roghnúcháin:

ní mór don tairgeoir na nithe seo a leanas a sholáthar:

— cáilíochtaí oideachasúla agus gairmiúla (CVanna) fhoireann an tairgeora chomh maith leis an taithí ghairmiúil dá cuid.

Modhanna cruthúnais: ní mór don tairgeoir CVanna a sholáthar le haghaidh gach próifíle, lena ndeimhnítear na dioplómaí a fuarthas (ní mór cóip díobh a chur san áireamh), leibhéal an staidéir a cuireadh i gcrích agus an taithí ghairmiúil atá acu.

Ní mór deimhniú lena léirítear an leibhéal teanga is airde a baineadh amach a chur san áireamh freisin,

— liosta de na príomhsheirbhísí a cuireadh ar fáil, chomh maith le seirbhísí breise a cuireadh ar fáil i dtaca leis an gconradh (le haghaidh bheart 1: cúnamh teicniúil agus comhairleacht chun tionscadail foirgníochta a dhéanamh, le haghaidh bheart 2: cúnamh teicniúil agus comhairle maidir le tionscadail foirgníochta a dhéanamh faoi réir an chreata um rialáil núicléach) thar na 3 bliana seo a chuaigh thart, lena n-áirítear sonraí faoi na méideanna, dátaí agus sonraí teagmhála na bhfaighteoirí poiblí nó príobháideacha,

— deimhniú bainistíochta cáilíochta (m.sh. ISO 9001 nó a choibhéis) nó, mura bhfuil rochtain ag an tairgeoir ar dheimhnithe dá leithéid nó mura bhfuil féidearthacht ann iad a fháil laistigh de na teorainneacha ama atá socraithe, fianaise ar bith eile ar bhearta deimhnithe cáilíochta arna nglacadh an tairgeoir féin.

Íosleibhéal caighdeán (íosleibhéil chaighdeán) a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil:

le bheith roghnaithe, ní mór do thairgeoirí a chruthú go bhfuil baill foirne acu lena mbaineann na próifílí a leanas:

(A) próifílí le haghaidh bheart 1 agus bheart 2 araon:

— ailtire nó innealtóir (atá oilte go leibhéal Máistreachta) a bhfuil taithí 10 mbliana aige/aici le haghaidh na próifíle 'ceannaire tionscadail i réimse na hailtireachta nó na hinnealtóireachta foirgníochta',

— ailtire (atá oilte go leibhéal Máistreachta) a bhfuil taithí 5 bliana aige/aici ar oibreacha foirgníochta oifige a dhearadh agus maoirseacht a dhéanamh orthu,

— innealtóir seirbhísí foirgníochta (atá oilte go leibhéal Máistreachta) a bhfuil taithí 5 bliana ar a laghad acu sa réimse seo,

— suirbhéir cainníochta (atá oilte go leibhéal Máistreachta: innealtóir, ailtire, suirbhéir nó cáilíocht choibhéiseach i réimse na foirgníochta nó na hinnealtóireachta sibhialta) a bhfuil taithí 5 bliana ar a laghad aige/aici ar chostais, tréimhse tógála agus cáilíocht a bhainistiú i dtaca le tionscadail foirgníochta, innealtóireachta sibhialta agus athchóirithe, agus atá cláraithe le cumann suirbhéirí cainníochta na Beilge (UBQS), Coiste Eorpach na nEacnamaithe Foirgníochta (CEEC) nó a gcoibhéis;

(B) próifílí atá sainiúil do bheart 1:

— ríomhchláraitheoir (atá oilte go leibhéal Máistreachta: ailtire nó innealtóir foirgníochta, nó cáilíocht choibhéiseach i réimse na foirgníochta nó na hinnealtóireachta sibhialta), atá deimhnithe nó cáilithe i ríomhchlárú. Taithí 5 bliana ar a laghad sa réimse sin,

— bainisteoir um shamhaltú faisnéise foirgníochta (BIM) (innealtóir nó ailtire atá oilte go leibhéal Máistreachta) a bhfuil taithí 5 bliana ar a laghad aige/aici ar thionscadail foirgníochta a bhainistiú agus 2 bhliain mar bhainisteoir BIM;

(C) próifílí atá sainiúil do bheart 2:

— innealtóir leictreach a shainfheidhmíonn i leictreachas ardvoltais, a bhfuil taithí 5 bliana aige/aici ar thionscadail ardvoltais a chur i bhfeidhm agus pleananna um dháileadh cumhachta a cheapadh mar aon le taithí ghairmiúil 1 bhliain sa réimse núicléach. Sáreolas ar VOB (Vergabe und Vertragsordnung für Bauleistungen – treoirlínte dlí na Gearmáine maidir le foirgníocht) agus HOAI (Honorars Ordnung für Ingenieure und Architekten – treoirlínte dlí na Gearmáine lena leagtar síos na leibhéil táillí éagsúla). Inniúil ar an nGearmáinis — leibhéal C1 ar a laghad, agus é deimhnithe,

— innealtóir leictreach uathoibrithe agus cumarsáide a bhfuil taithí ghairmiúil 5 bliana aige/aici ar sheirbhísí foirgníochta agus ar thionscadail chumarsáide agus uathoibrithe a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear 1 bhliain san earnáil núicléach. Sáreolas ar VOB agus HOAI. Inniúil ar an nGearmáinis — leibhéal C1 ar a laghad, agus é deimhnithe,

— innealtóir próisis um theicneolaíocht aerála a bhfuil taithí ghairmiúil 5 bliana aige/aici ar sheirbhísí foirgníochta agus ar thionscadail aerála, cuisniúcháin agus rialaithe teochta a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear 1 bhliain san earnáil núicléach. Sáreolas ar VOB agus HOAI. Inniúil ar an nGearmáinis — leibhéal C1 ar a laghad, agus é deimhnithe,

— innealtóir próisis a shainfheidhmíonn i dteicneolaíocht rialaithe aerála, a bhfuil taithí ghairmiúil 5 bliana aige/aici ar sheirbhísí foirgníochta agus ar thionscadail teicneolaíochta uathoibrithe agus uathoibrithe foirgníochta a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear 1 bhliain san earnáil núicléach. Sáreolas ar chórais Siemens WinCC, Siemens PCS7 agus Siemens ProTool. Inniúil ar an nGearmáinis — leibhéal C1 ar a laghad, agus é deimhnithe.

Le bheith roghnaithe, ní foláir nó go mbeadh tairgeoirí in ann cruthúnas ar an méid a leanas a sholáthar:

i leith bheart 1:

— 3 thasc ar a laghad ar thionscadail foirgníochta, ar bhain luach níos mó ná 10 000 000 EUR le gach ceann díobh,

— 3 thasc ar a laghad ar thionscadail foirgníochta, ar bhain luach idir 1 000 000 EUR agus 10 000 000 EUR le gach ceann díobh;

i leith bheart 2:

— 3 thasc ar a laghad ar thionscadail foirgníochta a bhí faoi réir an chreata um rialáil núicléach, ar bhain luach níos mó ná 10 000 000 EUR le gach ceann díobh,

— 3 thasc ar a laghad ar thionscadail foirgníochta a bhí faoi réir an chreata um rialáil núicléach, ar bhain luach idir 1 000 000 EUR agus 10 000 000 EUR le gach ceann díobh.

III.1.5 Faisnéis faoi chonarthaí forchoimeádta

Tá an conradh teoranta do cheardlanna dídeanacha agus d'oibreoirí eacnamaíocha a bhíonn sé mar sprioc acu daoine faoi mhíchumas nó faoi mhíbhuntáiste a lánpháirtiú ar bhonn sóisialta agus gairmiúil:   níl

Tá comhlíonadh an chonartha teoranta do chreatlach na gclár um fhostaíocht dhídeanach:   níl

III.2) Coinníollacha a bhaineann leis an gconradh

III.2.1) Faisnéis faoi ghairm ar leith

Tá comhlíonadh na seirbhíse forchoimeádta do ghairm ar leith:   -

Tagairt don dlí, don rialachán nó don fhoráil riaracháin ábhartha:   -

III.2.2) Coinníollacha maidir le feidhmiú an chonartha

-

III.2.2) Faisnéis maidir leis an bhfoireann atá freagrach as feidhmiú an chonartha

Ba cheart ainmneacha agus cáilíochtaí gairmiúla na foirne atá freagrach as feidhmiú an chonartha a chur in iúl:   níl

Alt IV: Nós imeachta

IV.1) Cur síos

IV.1.1) An cineál nós imeachta

Nós imeachta oscailte

IV.1.3) Faisnéis faoi chomhaontú creatlaí nó faoi chóras ceannaigh dinimiciúil

Is éard atá i gceist leis an soláthar comhaontú creatlaí a chur ar bun:  

Comhaontú creatlaí le roinnt oibreoirí:  

Uaslíon na rannpháirtithe sa chomhaontú creatlaí atá beartaithe:   3

I gcás comhaontuithe creatlaí – bonn cirt le tréimhse ar bith atá níos faide ná ceithre bliana:   -

Is éard atá i gceist leis an soláthar córas dinimiciúil ceannaigh a chur ar bun:   níl

D'fhéadfadh ceannaitheoirí eile an córas ceannaithe dhinimiciúil a úsáid:   níl

IV.1.4) Faisnéis maidir le laghdú ar líon na réiteach nó na dtairiscintí le linn idirbheartaíochta nó caidrimh

Leas a bhaint as nós imeachta céimithe chun líon na réiteach atá le plé nó na dtairiscintí atá le hidirbheartú a laghdú de réir a chéile:   níl

IV.1.5) Faisnéis maidir le hidirbheartaíocht

Coimeádann an t-údarás conarthachta an ceart an conradh a dhámhachtain ar bhonn na dtairiscintí tosaigh gan idirbheartaíochtaí a dhéanamh:   níl

IV.1.6) Faisnéis faoi cheant leictreonach

Bainfear úsáid as ceant leictreonach:   níl

Faisnéis bhreise faoin gceant leictreonach:   -

IV.1.8) Faisnéis faoi Chomhaontú Soláthair Rialtais (GPA)

Tá an soláthar cumhdaithe ag an gComhaontas Soláthair Rialtais:  

IV.2) Faisnéis riaracháin

IV.2.1) Foilseachán roimhe seo maidir leis an nós imeachta seo

Uimhir an fhógra in IOAE:   -

IV.2.2) Teorainn ama chun tairiscintí nó chun iarratais ar rannpháirtíocht a fháil

Dáta:   16-10-2017

Am áitiúil:   17:30

IV.2.3) Dáta measta maidir le seoladh na gcuirí chun tairisceana nó chun rannpháirtíochta chuig iarrthóirí roghnaithe

-

IV.2.4) Teangacha inar féidir tairiscintí nó iarratais ar rannpháirtíocht a chur isteach

BG, CS, DA, DE, EL, EN, ES, ET, FI, FR, GA, HR, HU, IT, LT, LV, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, SV

IV.2.6) Fráma ama íosta nár mhór don iarrthóir an tairiscint a choinneáil lena linn

Fad ina mhíonna:   6

IV.2.7) Coinníollacha maidir le tairiscintí a oscailt

Dáta:   20-10-2017

Am áitiúil:   10:00

Láthair:   Office pour les infrastructures et la logistique — Bruxelles (OIB), bâtiment CSM1, Cours Saint-Michel 23 (entrée côté rue Père de Deken), 1040 Bruxelles, AN BHEILG.

Faisnéis faoi dhaoine údaraithe agus faoin nós imeachta oscailte:   Is féidir le 1 ionadaí arna údarú go cuí freastal ar oscailt na dtairiscintí (ní mór pas nó cárta aitheantais a thaispeáint). Ní mór do thairgeoirí ar mian leo freastal an tAonad OIB.02.002 Soláthar Poiblí a chur ar an eolas i scríbhinn (féach ar shonraí an tseolta atá tugtha i bpointe I.1), tráth nach déanaí ná 2 lá oibre roimh an seisiún le haghaidh tairiscintí a oscailt.

Alt VI: Faisnéis chomhlántach

VI.1) Faisnéis faoi ateagmhas

Is soláthar ateagmhasach é seo:  

Uainiú measta le haghaidh fógraí breise a fhoilsiú:   36 mí tar éis na dámhachtana.

VI.2) Faisnéis maidir le sreafa oibre leictreonacha

Úsáidfear ordú leictreonach:   níl

Glacfar le sonrascadh leictreonach:   níl

Úsáidfear íocaíocht leictreonach:   níl

VI.3) Faisnéis bhreise

1) Beidh na sonraíochtaí agus na doiciméid bhreise (lena n-áirítear ceisteanna agus freagraí) ar fáil ag an seoladh gréasáin a leanas: https://etendering.ted.europa.eu/cft/cft-display.html?cftId=2829 Iarrtar ar pháirtithe a bhfuil spéis acu ann clárú tríd an láithreán gréasáin. Cuirfear in iúl dóibh ansin tríd an gcóras soláthair phoiblí ar líne maidir le haon nuashonruithe atá ar fáil don chuireadh seo chun tairisceana. Iarrtar ar pháirtithe nach bhfuil cláraithe ar an láithreán breathnú air go rialta. Ní bheidh an Coimisiún freagrach mura bhfuil tairgeoirí ar an eolas faoi aon fhaisnéis bhreise i dtaca leis an gcuireadh seo chun tairisceana atá tugtha ar an láithreán Gréasáin sin

Déanfar an láithreán gréasáin a nuashonrú go rialta; is iad na tairgeoirí atá freagrach as nuashonruithe agus mionathruithe a sheiceáil i rith thréimhse na tairisceana.

Is féidir faisnéis bhreise faoi théarmaí conartha, athnuachaintí conartha, coinníollacha rannpháirtíochta, íosleibhéil cumais atá riachtanach, méid measta iomlán an chonartha, srl a fháil sna sonraíochtaí atá ar fáil ar an láithreán gréasáin réamhluaite. Ní eiseofar leagan páipéir. Arna dheimhniú mar EMAS ó 2005, glacann an OIB dearcadh atá neamhdhíobhálach don chomhshaol. Is scéim éiceabhainistíochta agus iniúchta atá in EMAS, ionstraim dheonach an AE a úsáideann eagraíochtaí chun a bhfeidhmíocht chomhshaoil a fheabhsú.

2) Beidh 2 bhliain (24 mhí) i dtréimhse tosaigh an chomhaontaithe creatlaí, ón dáta ar a gcuirfear i bhfeidhm é, agus féadfar é a athnuachan faoi dhó trí chomhaontú intuigthe, ar feadh tréimhse breise 1 bhliain (12 mhí) gach uair, .i. uastréimhse 4 bliana (= 2+1+1).

3) Le linn na 3 bliana tar éis chríochnú an chonartha thosaigh, beidh an t-údarás conarthachta in ann an nós imeachta idirbheartaithe a úsáid, gan fógra conartha a fhoilsiú roimh ré, le haghaidh seirbhísí nua ina mbeidh seirbhísí á athsholáthar atá cosúil leo sin atá tugtha don pháirtí ar dámhadh an conradh seo dó ag an údarás conarthachta.

4) Le haghaidh faisnéis bhreise a fháil maidir le páirt a ghlacadh i gcuirí chun tairisceana agus maidir le seicheamh na nósanna imeachta maidir le soláthar poiblí ag an OIB, féach an 'Treoir do thairgeoirí' agus an bróisiúr 'Gnó a dhéanamh leis an gCoimisiún Eorpach', atá ar fáil tríd an nasc: http://ec.europa.eu/oib/procurement_fr.cfm

VI.4) Nósanna imeachta athbhreithniúcháin

VI.4.1) Comhlacht athbhreithniúcháin

Ainm oifigiúil
Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh
Seoladh poist
rue du Fort Niedergrünewald
Baile
Luxembourg
Cód poist
2925
Tír
LUXEMBOURG
Guthán
+352 43031
Ríomhphost
[email protected]
Facs
+352 43032100
Seoladh idirlín
http://curia.europa.eu

VI.4.2) Comhlacht atá freagrach as nósanna imeachta idirghabhála

Ainm oifigiúil
-
Seoladh poist
-
Baile
-
Cód poist
-
Tír
-
Guthán
-
Ríomhphost
-
Facs
-
Seoladh idirlín
-

VI.4.3) Nós imeachta athbhreithniúcháin

Faisnéis chruinn faoi spriocdháta(í) le haghaidh nósanna imeachta athbhreithniúcháin:   laistigh de 2 mhí ó chuirtear fógra chuig an ngearánaí nó, dá éagmais sin, ón lá a fuair sé fios air. Ní chuirfear an tréimhse sin ar fionraí mar thoradh ar ghearán chuig an Ombudsman Eorpach ná ní chuirfear tréimhse nua ar siúl chun achomhairc a dhéanamh.

VI.4.4) Seirbhís ónar féidir faisnéis a fháil faoin nós imeachta athbhreithniúcháin

Ainm oifigiúil
-
Seoladh poist
-
Baile
-
Cód poist
-
Tír
-
Guthán
-
Ríomhphost
-
Facs
-
Seoladh idirlín
-

VI.4.5) Dáta seolta an fhógra seo

08-08-2017